Sraith Nua den Chlár “Abhainn” ag Tosnú Dé Luain

Dé Luain, beidh sraith nua den chlár teilifíse “Abhainn” ag tosnú ar “RTÉ One” ag a leathuair tar éis a seacht sa tráthnóna. Beidh trí chuid ins an tsraith seo: ceann fén mBearbha, ceann fén Abhainn Mhóir agus ceann fén Éirne. Ins an dara chuid, an ceann fén Abhainn Mhóir, bead-sa ag snámh ins an abhainn agus ag caint beagáinín mar gheall ar stair snámha na h-Abhann Móire i Mainistir Fhear Maí agus fén draíocht atá ag baint le n-a bheith ag snámh sa n-abhainn.

Is as Gaelainn atá an clár so agus, dar liom, tá sé i measc na gcláracha is áilne atá déanta ag roinn na gCláracha Gaeilge in RTÉ ins na blianta beaga anuas. Tá clár den chéad scoth fé Abhainn na Laoi déanta acu is do ba chóir duit féachaint air má tá seans agat.

Ailt Bainteacha:

Naisc Sheachtracha: