Tuairisc ón tSibéir ar Raidió na Gaeltachta

Mar ‘tá ar eolas agaibh ag an bpointe seo, tá ár gceathrar snámhaithe tar éis teacht abhaile ó Chraobhchomórtaisibh Shnámh Gheimhridh na Rúise i Tyumen na Sibéire. Maidin indiu, do dhein duine acu, Nuala Moore, agallamh le Helen Ní Shé ar chuid de chlárachaibh RTÉ Raidió na Gaeltachta, An Saol ó Dheas, á chraoladh beo ón Daingean. Ní gá dhom á rá go raibh fuacht ar an lucht éisteachta féinig agus iad ag díriú isteach ar cad a bhí le rá ag Nuala fén gcleasaíocht a bhí á déanamh thall! Is féidir leat éisteacht leis an gclár tré chliceáil ar an nasc seo thíos (is í Nuala an chéad aoi):

Éist le Nuala ag caint ar an gclár…

Tugann Helen agus a clár tacaíocht iontach do Nuala agus don tsnámh fén aer go ginearálta. Dá barr, bíonn gach eolas ag pobal Gaeltachta a’ Deiscirt fé cad ‘tá ag tarlúint i gcúrsaí snámha fén aer ins na ceantairibh sin. Is féidir le gach éinne an clár so do leanúint ar Twitter @saolodheas, tá an clár le fáil ar Facebook chomh maith…

Ailt Bainteacha:
Advertisements