“An Saol ó Dheas” i gCOC

Grianghraf – Ionad na Gaeilge Labhartha

Veain RnaG lasmuigh d’Áras Uí Rathaille i gColáiste ha h-Ollscoile, Corcaigh.

Tá an-chuid imeachtaí ar siúl i gColáiste na h-Ollscoile, Corcaigh chun ceiliúradh  a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge. Mar chuid de na h-imeachtaí, do tháinig craoltóirí an chláir “An Saol ó Dheas” aniar ó Raidió na Gaeltachta Bhaile na nGall chugainn indé. Do craoladh an clár, le Helen Ní Shé á chur i láthair, beo ón tSeomra Chaidreamh in Áras Uí Rathaille i gceart-lár na h-Ollscoile.

Ar an gclár ‘bhí ceoltóirí den chéad scoth chomh maith le h-aíonna éagsúla ó Ionad na Gaeilge Labhartha agus ó ranna eile ins an Ollscoil. Do bhíos féin ar an gclár ag caint mar gheall ar mo chuid snámha féinig agus mar gheall ar an snámh atá pleanáilte ag an bhfoireann Crosóige Mara i Mí Iúil na bliana so. Tá an pod-chraoladh nasctha thíos:

Tosnaím-se ag caint timpeall leith-shlí istigh sa chlár ach b’fhiú duit cloisint leis an rud ar fad toisc go bhfuil an caighdeán cheoil sin agus cainteoirí chomh suimiúil sin ann…

Advertisements