Is soiléir fén dtaca so go bhfuil an samhradh imthithe slán uainn. Ní’l aon amharc ar na fáinleoga anso i Mainistir Fhear Maí, cé go dtuigtear dom go bhfuil roinnt díobh fós le feiscint thiar i gCiarraí. Le cúpla lá anuas, tá gálaí gaoithe is ceathanna uafásacha istoíche agus gan ach fo-radharc ar an ngréin isló. Tá na tráthnónta ag éirí níos giorra de réir a chéile agus beidh an oíche níos sia ná an lá gan ró-mhoill. Tá an geimhreadh ag teacht, ní’l aon dabht fén spéir faoi!
Dá bharr san, táim thar n-ais ins an linn snámha don chuid is mó agus ní’l fonn dá laghad orm bheith istigh ins an Abhainn Mhóir nó ins an lochán ar Chnoc an Aonaigh nó ins an bhfairrge fiú. Ag an am gcéanna, táim thar n-ais ag an ollscoil ag tosnú mo thríú bliana ann ag déanamh céim san eiceolaíocht. Maidin Chéadaoin, bíonn sé de nós agam dul isteach chuig an linn snámha ins an Muirdíg agus bualadh le Lisa Cummins i gcomhair caife i ndiaidh san – comhartha maith go bhfuil sé ‘na gheimhreadh againn! An tseachtain seo, do tháinig aoi speisialta im’ theannta: Tara Diversi ón Astráil… Do bhí maidin (is tráthnóinín) ana-dheas ag an dtriúir againn ag ráiméis fé gach aon tsaghas ruda a bhaineann leis an snámh fén aer. Bail ó Dhia ar bhuachaill-chara Tara go raibh air éisteacht linn!
Sin é an scéal mar atá sé fén dtráth so. Ní’l mórán eile le rá agam, i ndá ríribh, ach go bhfuil an-chuid obair le déanamh agam maidir le cúrsaí oideachais! Táimíd ag tnúth le rás deireanach an tséasúir ó Inis Earcáin go Dún na Séad an deireadh seachtaine seo chugainn agus go mór mhór le Comhdháil Dhomhanda an tSnámha fén Aer a bheidh á reachtáil i gCorcaigh an deireadh seachtaine dar gcionn. Sin é go fóillín…
Ailt Bhainteacha:
- Tá na Fáinleoga Tagtha (FermoyFish.com)
- Lá breá Bealtaine buailte linn… (FermoyFish.com)