Lá breá Bealtaine buailte linn…

“Más maith is mithid!”

Roinnt laetha ó shin, do scríobhas alt beag fé theacht na bhfáinleog na bliana so agus an t-áthas mór a bhaineann leis an dteacht san. Do bhíos ag caint an lá úd fé shéasúr an Earraigh ach, más cuimhin leat, do thosnaigh an t-Earrach gaelach ar lá ‘le Bríde, an chéad lá de Mhí Feabhra! Má thosnaíonn an t-Earrach gaelach go luath, tosnaíonn an Samhradh gaelach go luath chomh maith – indiu ‘sea thosnaíonn sé!

Grianghraf – John O'Connell

Radharc na nGaibhlte ó Charn Tiarna, Mainistir Fhear Maí indé, lá deireanach den Earrach. (Grianghraf: John O’Connell)

Anois, Lá breá Bealtaine buailte linn, an féar a’ fás, an t-uaine ag teacht ar na crainn, an Samhradh fada amach romhainn agus teas na gréine a’ druidim linn, tá spiorad abhfad níos dearbhthaí timpeall na h-áite agus táimíd go léir ag tnúth go mór le spraoi an tSamhraidh! Caithfead dul ar ais chuig an staidéar dian – an ndúirt duine éigin rud faoi scrúduithe? ‘Siad na “scrúduithe” an t-aon rud uathbhásach fén Samhradh…

Ailt Bhainteacha:

Advertisements

Tá na Fáinleoga Tagtha

Tá an t-Earrach buailte linn fé dheireadh! Tar éis dúinn geimhreadh fada fuar a shárú, tá an teocht ag dul i n-airde agus tá na fáinleoga tagtha. Tagann na h-éin bheaga dheasa so go dtí an Eoraip ón Aifric gach bliain chun póraithe is goraithe. Do tháinig slua beag díobh ní ba luaithe sa bhliain ach deirtear nár mhair mórán díobh de bharr na fuachta (itheann na h-éin seo míoltóga agus a leithéid ach ní rabhadar le fáil de bharr na fuachta so). Le laethaibh beaga anuas, áfach, tá an slua ceart tagtha agus tá súil againn go bhfuilid le fanúint…

Photograph – George O'Keefe

Fáinleoga ar ráilí an taiscumar ar Chnoc an Eanaigh (nó Cnoc an Aonaigh) i n-aice Mhainistir Fhear Maí, ceann de na h-áitibh snámha is ansa linn…

Dar le Dave Mulcahy, ba cheart dúinn tús do chur le n-ár séasúr snámha faoin aer um an dtaca go dtagann na fáinleoga i dtír agus is leith-scéal maith é deireadh do chur leis chomh luath is a n-imíonn siad! Is dócha go bhfuil an ceart ar fad aige. Táimíd i n-ann abhfad níos mó snámha faoin aer do dhéanamh le beagnach seachtain anuas agus tá súil againn go leanfaidh an feabhas so sna seachtainibh amach romhainn…

Cé h-í Gealt a’ Locha?

Fé láthair, tá triúr Éireannach (Nuala Moore, Anne Marie Ward agus Pádraig Mallon) ar an slí go dtí Tyumen na Sibéire chun páirt do ghlacadh i gCraobhchomórtais Shnámh Gheiridh na Rúise. Ní ba luaithe i mbliana, do bhí sé socraithe ag Nuala ‘s ag Anne Marie dul go dtí an Rúis chun ‘bheith páirteach i n-iarracht ar shnámh sealaíochta do dhéanamh ó mhórthír na Rúise go dtí mórthír Alasca. Níor tharla sé sin, ar an drochuair, de bharr trioblóid le visas, &rl. I rith na traenála i gcomhair an tsionscnaimh seo, do dhein Seán Mac a’ tSíthigh ó TG4 píosa nuachta fén dtraenáil do bhí ar siúl ag Nuala i Loch a’ Pheidléara. Tá an fís nasctha agam thíos agus tá sé aistrithe go Béarla agam fé sin…

At the moment, the Irish (Nuala Moore, Anne Marie Ward and Pádraig Mallon) are on the way to Tyumen, Siberia to take plart in the Russian Winter Swimming Championships. Earlier in the year, Nuala and Anne Marie had planned to travel to Russia to be part of a relay attempt from the Russian mainland to the Alaskan mainland. Unfortunately, the swim didn’t go ahead due to issues with visas, etc. In the course of the training, Seán Mac a’ tSíthigh of TG4 made a news item about Nuala’s training in Pedlar’s Lake. I’ve put a link to the video below and translated it into English underneath…

Aistriúchán go Béarla / Translation into English:

Seán Mac a’ tSíthigh: More than a thousand feet above sea-level is a strange destination for a sea swimmer. However, at 7ºC (5ºC lower than the temperature of the sea) Pedlar’s Lake, high in the mountains of Corca Dhuibhne, has the coldest water in the area, and it is here that Nuala Moore does her training. She and Anne Marie Ward, a swimmer from Donegal, plan to take on the toughest swim in the world, the fifty miles of frozen sea between Russia and Alaska that they call the Bering Strait.

Nuala Moore: There are more than twenty-five international swimmers on the team and our plan is to get into the water and do multiple immersions. So, swimming for 20 minutes at a time, spending 6 or 7 hours on the boat and going back in again.

Séan Mac a’ tSíthigh: Nuala has years of experience when it comes to long distance swimming. She has completed great feats in the seas of this country and abroad. She has been coming here since November, and with a enthusiasm and courage, her body is becoming used to the cold.

Nuala Moore: Breathing is difficult at the start as the muscles become quite tight and this puts pressure on your heart. I had to lift up my face a few times but I’m fine now.

Seán Mac a’ tSíthigh: The Lunatic of the Lake is a cause for wonder among many hikers in the area. Nobody has swum across the entire Bering Strait yet, but you may rest assured that the long, cold days in Pedlar’s Lake will stand to the Dingle woman. Seán Mac a’ tSíthigh, Nuacht TG4, in Corca Dhuibhne.

Níos déanaí, tá Seán tar éis agallamh do dhéanamh le Nuala do Nuacht RTÉ i rith a cuid traenála níos déine do na Craobhchomórtais Shnámh Gheimhridh na Rúise, a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo! Féach ar seo…

More recently, Seán did an interview with Nuala for RTÉ News during her somewhat more extreme training for the Russian Winter Swimming Championships, which are taking place this weekend! Take a look at this…

Ailt Bainteacha / Related Articles:

Snámh Timpeall ar Oileán Chléire: An Snámh Féin

Grianghraf – Tom McCarthy

Réidh chun tosnú – maidin cheomhar a bhí inti…

Do bhaineamair Cléire amach píosa beag roimh mheán lae. Do bhaineas mo chuid éadaí uaim is do chuireas mo chulaith snámha, mo chaipín is mo spéaclaí snámha orm. Ní rabhas ró-fhuair ar aon chor agus mé amuigh fén aer, ach do bhí ‘fhios agam nárbh amhlaidh a bheadh an scéal agus mé istigh sa bhfarraige! Do chuireas súil isteach ar an uisce fuair dorcha agus do léimeas isteach ann. Do chuas díreach go dtí an fánán chun tosnú, ach níor thánag amach air (dúirt John liom ná beadh sé sin ró-shláintiúil mar do bhí an fánán thar a bheith sleamhain agus an taoide ‘n-a lag trá). Tar éis mo lámh do chur ar an bhfánán, do bhíos tosnaithe!

Caithfead á admháil gurbh fhuair gur mhothaíos an t-uisce, do bhíos neirbhíseach dá bharr agus níorbh aon chabhair dom é go raibh an t-uisce chomh dorcha san ag an am chéanna. Ach do dheineas iarracht airsean do chur go cúl m’intinne! Agus mé ag snámh timpeall ar an gcéad chúinne an Oileáin, Pointe an Chuais Leathain, do bhí scataí éan (forachain dubha, crosáin agus mar sin de) ag eitilt timpeall orm. Ní raibh an radharc fúm chomh deas san, ámhthach! Do bhí smugairlí rón de gach aon tsaghas ag teacht im’ radharc, cinn nár airíos riamh fúthu san áireamh… Do bhí sé glan dearmhadta agam go dtí seo – do bhíomair ag dul timpeall ar an Oileán ar deiseal.

Grianghraf – Tom McCarthy

Ag snámh siar ó dheas ag Pointe an Chuais Leathain.

Grianghraf – Tom McCarthy

Tonnta ag briseadh that Charraig Liúir, táim-se i n-áit éigin ‘n-a measc!

Dob é an chéad sprioc eile ná Carraig Liúir, carraig mhór atá suite díreach fé imeall an uisce cúpla slat ó bhun na n-aillte. Do bhí na tonnta ag briseadh thar a cionn an lá so agus níor mhian liom-sa snámh idir ise agus an aill ar aon chor, ach dúirt John liom go ndéanfadh sé ciall dá ndéanfainn é. Mar sin, do dheineas é, do bhí sceitimíní orm, gan aon dabht, ach do bhí an tslí abhfad ní ba ghiorra ná mar a bheadh sí ar an dtaobh thall di. Tar éis dom bualadh leis an mbád airís do bhí beathú agam. Dob é a bhí ins an mbeathú ná uisce te, carbohydrates agus proteinHigh5 an t-ainm atá ar mo rogha bheathaithe.

Grianghraf – Tom McCarthy

Ag gabháil trasna an Inbhir, níl aon chomhartha de na deilfeanna nó na róin…

Níorbh fhada go dtí go rabhamair ag Pointe na Boilge agus díreach chun an Inbhir do thrasnáil. Deirtear liom go raibh roinnt deilfeanna agus rónta ag snámh im’ thimpeall ag an bpointe seo ach níor chonac-sa aon cheann acu! Níor thóg sé mórán ama chun an Inbhir do thrasnáil ach an fhad is a bhíomair ag dul chun cinn do bhí na fairrgí ag eirí i n-airde. Agus Ballán na nDeargán, an pointe is faide ó dheas ar an Oileán, bainte amach againn, do bhí an fharraige go trom. Do bhíos i n-ann Carraig Aonair d’fheiscint ó am go chéile. ‘Sea ansan do tháinig an t-amhrán san isteach im’ chionn:

Agus tú ag féachaint ar an gcarraig sin, Carraig Aonair, ní h-éasca gan smaoineamh ar an líon daoine a d’fhág an saol so ins na fairrgí timpeall uirthi. Tar éis tamaillín, do bhíomair ag Ceann Cléire! Do bhí an-áthas orm agus an pointe seo bainte amach agam, mar do bhí ‘fhios agam go raibh ní ba mhó ná leath den tsnámh déanta agam. Do bhí an-chuid cúr ins an uisce ag an bpointe seo chomh maith, ach níor chuir seisean isteach go mór orm mar do bhí taithí maith agam ar chúr agus rudaí eile den tsórd san de ó bheith ag snámh ag Cnoc an Rois i gCionn tSáile.

Grianghraf – Tom McCarthy

Ag snámh tríd an gcúr ag Ceann Cléire.

D’fhágamair Ceann Cléire ‘n-ár ndiaidh is do thosnaíomair ag dul soir ó thuaidh airís. Níorbh fhada go raibh Dún an Óir (Caisleán Chlann Uí Dhrisceoil) tagtha ‘n-ár radharc. Sara ‘bhfad, do bhíomair ag Trá Chiaráin, an áit ‘n-a thagann an bád farantóireachta i dtír ar Chléire. ‘Sea anso do fuaireamair faoiseamh éigin ó na tonnta, ach dob é an fadhb ná go raibh na smugairlí rón ag fáil faoiseamh anso chomh maith agus fuaireas roinnt stoingí maithe uathu! D’eirigh an rud go léir abhfad ní b’éasca i ndiaidh sin mar do bhíomair faoi scáth an Oileáin is do bhí sruth na taoide ag tabhairt cabhair dúinn…

Grianghraf – Tom McCarthy

Ag snámh cúpla céad slat amach ó Dhún an Óir, an ghrian ag silleadh solais is teasa orainn fé dheireadh!

Agus sinn ag teacht timpeall an chúinne dheireanach den tsnámh, do bhí an sruth mar abhainn ag rith trí Shúnta an Ghaisceanáin! Tar éis 3 h-uaire 47 nóiméad 32 soicind do chaitheamh ins an uisce, do thánag i dtír ag an fánán i gComalán airís. Go dtí an pointe seo, níor inis éinne teocht an uisce dom – 11.5ºC – do bhí an t-áthas orm ná raibh sé sin ar eolas agam roimis an snámh! Tar éis dom ‘bheith gléasta airís, do chuaigh roinnt de na fir a bhí ar an mbád ag tumadóireacht ar feadh tamaill is do shnámh Tom isteach i bpluais fairrge ar thóir na craice! Agus an méid sin déanta againn, do chuamair thar n-ais go Dún na Séad agus abhaile linn go léir.

This slideshow requires JavaScript.

Ailt Bainteacha: