Gluais Téarmaí Snámha

Ní fhuil aithne agam ar aon ghluais téarmaí snámha sa Ghaelainn. Tá an-chuid scríobhtha i mBéarla agus i dteangacha eile ag daoine ar nós Steven Munatones agus leithéid. Dá bharr san, do bheartaíos féin ar roinnt téarmaí a bhaineann leis an snámh fén aer a chur le chéile ins an mblagphost so. Tá Seachtain na Gaeilge tar éis tosaithe Dé Luain seo agus is iorúnach an tseachtain é seo chun an blagphost so a sheoladh.

Pictiúr – Seachtain na Gaeilge

amharclíne bain (gu: amharclíne, ai: amarclínte, gi: amharclínte) line of sight

bac br (abr: bacadh, aidbhr: bactha) impede

bád fir coimhdire (gu: báid choimhdire, ai: báid choimhdire, gi: bád coimhdire) escort boat

baoi fir casaidh (gu: baoi chasaidh, ai: baoithe casaidh, gi: baoithe casaidh) turn buoy

beathaigh br (abr: beathú, aidbhr: beathaithe) feed

briota fir (gu: briota, ai: briotaí, gi: briotaí) chop (wave)

bristeach fir (gu: bristigh, ai: bristeacha, gi: bristeacha) breaker (wave)

capall fir bán (gu: capaill bháin, ai: capaill bhána, gi: capall bán) whitecap (wave)

cárta fir buí (gu: cárta bhuí, ai: cártaí buí, gi: cártaí buí) yellow card

cárta fir dearg (gu: cárta dhearg, ai: cártaí dearga, gi: cártaí dearg) red card

clár fir bán (gu: cláir bháin, ai: cláir bhána, gi: clár bán) whiteboard

cuaird bain (gu: cuarda, ai: cuarda, gi: cuarda) lap

cúrsa fir (gu: cúrsa, ai: cúrsaí, gi: cúrsaí) course

dearcadh fir (gu: dearcaidh, ai: dearcthaí, gi: dearcthaí) sighting

deargadh fir (gu: deargtha) chafing

hiodráitigh br (abr: hiodráitiú, aidbhr: hiodráitithe) hydrate

hiodráitiúchán fir (gu: hiodráitiúcháin) hydration

hipirteirme bain (gu: hipirteirme) hyperthermia

hipiteirme bain (gu: hipiteirme) hypothermia

iompar fir mí-spórtúil (gu: iompair mhí-spórtúil) unsportsmanlike conduct

ionadú fir (gu: ionadaithe, ai: ionaduithe, gi: ionaduithe) positioning

lanailin bain (gu: lanailine) lanolin

maide fir beathaithe (gu: maide bheathaithe, ai: maidí beathaithe, gi: maidí beathaithe) feeding pole

moltóir fir (gu: moltóra, ai: moltóirí, gi: moltóirí) judge

oifigeach fir (gu: oifigigh, ai: oifigigh, gi: oifigeach) official

paca fir tosaigh (gu: paca thosaigh, ai: pacaí tosaigh, gi: pacaí tosaigh) lead pack

painéal fir tadhaill (gu: painéil thadhaill, ai: painéil thadhaill, gi: painéal tadhaill) touchpad

plúch br (abr: plúchadh, aidbhr: plúchta) box in

réiteoir fir (gu: réiteora, ai: réiteoirí, gi: réiteoirí) referee

snámh fir fadraoin (gu: snámha fhadraoin) long distance swimming

snámh fir faoin aer (gu: snámha faoin aer) open water swimming

sruth fir (gu: srutha, ai: sruthanna, gi: sruthanna) current

suaill bain (gu: suaille, ai: suaillí, gi: suaillí) swell

téigh br ar foscadh (abr: dul ar foscadh, aidbhr: dulta ar foscadh) draft

tonn bain (gu: toinne, ai: tonnta, gi: tonn) wave

uisce fir garbh (gu: uisce gharbh, ai: uiscí garbha, gi: uiscí garbh) rough water

Ní rud cuimsitheach é an ghluais seo ar aon chor – tá sé ar intinn agam ceann abhfad níos cuimsithí a chur i gcló am éigin sa todhchaí. Tá súil agam go méadóidh pobal Gaelainne an tsnámha amach anso agus go gcuirfear achmhainní agus eachtraí fiú ar fáil as Gaeluinn!

Foinsí Úsáidte:

Advertisements

Snámh go Toraigh

Ag deireadh an tsamhraidh, tagann smaointe snámha chugam chomh flúirseach agus dá mbeadh aon ní sodhéanta agam tar éis gheimhridh fhada sa linn snámha! Anuraidh, do bhuail smaoineamh mé snámh ó Oileán Thoraí go Mórthír Dhún na nGall, ocht míle go leith sa tslí. Do bhí ‘fhios agam go raibh sé indéanta mar tá sé déanta ag Anne Marie Ward as Dún na nGall, ag Kieran Fitzgerald as Sligeach agus ag daoine nach iad. Do bhí sé im’ chionn é ‘dhéanamh ó n-a rabhas sa tríú bliain sa mheánscoil, tráth dá chuala, i dtriail chluastuisceana Ghaeilge, faoin snámh ní ba shia ná ocht n-uaire an chloig a bhí ag Anne Marie. Le déanaí, táim tar éis teacht i n-aithne níos fearr ar Anne Marie agus i rith an gheimhridh seo caite dúirt sí go gcabhródh sí liom i n-aon tslí gurbh fhéidir léi dá mba mhaith liom an snámh áirithe seo ‘dhéanamh. Gan a thuilleadh moille, do bheartaíos chun triail do bhaint as!

Grianghraf – Owen O'Keefe

Toraigh agus Inis Bó Finne ón Machaire Rabhartaigh. (Grianghraf tógtha ag lá an snámha.)

Díreach tar éis dom teacht abhaile ó Dover, do chonac ar réamhfhaisnéis na h-aimsire go raibh lá breá le teacht Dé h-Aoine na seachtaine siúd, an 17ú Lúnasa. Do chuireas glaoch ar Anne Marie is do shocraíomair chun bualadh i Leitir Ceanainn ar an Déardaoin. Turas mór mílteach ar fad dob ea é ó Mhainistir Fhear Maí go Leitir Ceanainn! Tar éis bualadh le Anne Marie ag stáisiúin na mbusanna i Leitir Ceanainn, do chuamair ó thuaidh go dtí n-a tigh, do bhí blaisín (béile mór i ndáiríribh) le n-ithe againn is do chuireamair na h-ábhair go léir a bheadh ag teastáil uainn i rith an snámha le chéile. Ar deireadh, do chuir Anne Marie glaoch ar Brendan Proctor, an fear ón gcumann fo-thuinn agus is é a dúirt sé ná go mbeadh an aimsir maith a dóthain ar maidin chun snámh ón mórthír amach go Toraigh, seachas an treo eile.

Grianghraf – Anne Marie Ward

Ag dul i dtír ag trá an Mhachaire Rabhartaigh i gcomhair an tosaigh oifigiúla!

Ar maidin, d’éiríomair go moch is do thiománamair le chéile go Machaire Rabhartaigh, an áit tosaithe. Ar ár slí ann, do chuamair tré áiteannaibh nár airíos riamh fúthu ach ar an raidió, Gort a’ Choirce agus mar sin de. Um an dtaca gur bhaineamair amach ár gceann scríbe, do bhí an ghrian ag taitneamh agus ní raibh mórán gaoithe. Áit álainn is ea Machaire Rabhartaigh, le cé mhór, trá ghainmheach agus uisce breá glan. Tar éis tamaill, do tháinig Brendan agus John Joe ó Chumann Thumadóirí Chuan na Long leis an mbád. Do chuireas mo chulaith snámha orm, chomh maith lem’ chaipín is spéaclaí snámha. Ansan, do chuamair go léir ar bord, do chuireamair an rianaire GPS ar siúil is do shnámhas i dtír go dtí an trá i gcomhair an tosaithe oifigiúla.

Grianghraf – Anne Marie Ward

Ag teacht timpeall ar ché an Mhachaire Rabhartaigh…

Tá na rialacha céanna ‘tá i bhfeidhm ar thrasnálacha snámha an Mhuir n-Iocht i bhfeidhm ar thrasnálacha snámha idir Toraigh agus an mórthír. Mar sin, do bhí orm dul i dtír chun an snámh a thosnú i gceart. Chomh luath agus a bhíos ar ghaineamh tirim, do chasas timpeall, do ritheas ar ais isteach ins an uisce is do thosnaíos ag snámh i dtreo Thoraí!

Grianghraf – Anne Marie Ward

Bád Farantóireachta Thoraí ag teacht ‘n-ár gcoinnibh díreach tar éis an tosaigh…

Do bhíos ana-shásta ag tús na trasnála; do bhí an ghrian ag taitneamh ar mo dhroim is do bhí an t-uisce i bhfad ní ba theo ná mar a bhíos a’ súil leis – 14.5ºC! I dteannta leis sin, ní raibh smugairle róin amháin le feiscint, do chuir seisean ar mo shuaimhneas ar fad mé! Tar éis cúpla neomat, do tháinig an bád farantóireachta ‘n-ár gcoinnibh is fuaireamair cúirtéis ó na daoine a bhí ag taisteal air. Agus mé ag snámh ar an dtaobh thiar d’Inis Bó Finne, d’éirigh sé scamallach is do thosnaigh an ghaoth ag séideadh aniar. Níor thaitin an treo gaoithe sin linn mar ní gheobhaimís an chabhair chéanna ón ngaoth aniar le n-a ngeobhaimís ón ngaoth andeas, agus dob é an ghaoth andeas a bhí tuartha. Ar aon nós, do choimeádas ag snámh ó bheathú go beathú.

Grianghraf – Anne Marie Ward

Toraigh abhfad uainn go fóill…

Tar éis uair an chloig go leith, nó mar sin, do thángamair amach ó scáth Inis Bó Finne agus isteach i gCainéal Thoraí. Do bhí an taoide ag rith anoir-siar, díreach i n-aghaidh na gaoithe, agus dá bharr san d’éirigh na tonnta píosa beag i n-airde. Níor chuir sé sin isteach go ró-mhór orm mar do bhí scáth an bháid ag tabhairt faoisimh ón ngaoth agus ó na tonnta dhom. Do leanamair ar aghaidh mar sin ar feadh uair a chloig eile go dtí gur tháinig an ghrian amach arís. Timpeall ar thrí h-uaire an chloig istigh sa tsnámh, d’éirigh na tonnta i n-airde ar feadh leathuair nó uair an chloig is do bhí capaill bhána ortha. Seal crua dob ea an leathuair nó uair an chloig sin. Ag an mbeathú deireanach, ámhthach, do chiúnaigh sé abhfad is do thug sé sin seans dom dul i dtír ar mo shuaimhneas.

Grianghraf – Anne Marie Ward

An críoch ‘n-ár radharc fé dheireadh thiar thall!

Do bhí faoiseamh orm nuair go rabhas i n-ann an tóin poill d’fheiceáil fúm mar do bhí pian ag tosnú teacht isteach im’ ghuaillí fén dtráth san. Nuair a bhaineamair amach an ché, do thaispeáin Anne Marie dom an trá is do shnámhas isteach chuige. Agus an trá bainte amach agam, 4 h-uaire 21 nóiméad ó n-ar thosnaíos, do sheasas suas ar an ngainneamh. Do bhí scata páistí ar an dtrá, páistí an Oileáin dob ea iad, agus tar éis cúpla focal leo-súd, do chasas timpeall is do bhí slua maith daoine ar an gcé chomh maith. Dob orm-sa ‘bhí an t-ionadh mar ní rabhas ag súil le h-aon fháiltiú mar sin.

Grianghraf – Anne Marie Ward

Ag teacht i dtír ar Thoraigh.

Tar éis neomait, do chonac fear ní b’aosta ag teacht trasna an trá. Do thug ceann de na páistíbh rabhadh dhom gurbh é Rí Thoraí a bhí ag teacht. Do chuir an Rí, Patsaí Dan Mac Ruaidhrí, fáilte mhór romham agus dúirt sé gurbh onóir iontach do mhuintir an Oileáin gur shnámh duine amach ón mórthír. Leis sin, do chuir sé i n-aithne ar a chlann is ar mhuintir an Oileáin dom agus dúirt sé le fear éigin sinn a thógaint dá thigh agus cithfholcadh is braon tae do thabhairt dúinn.

Grianghraf – Anne Marie Ward

Rí Thoraí Patsaí Dan Mac Ruaidhrí agus mé féin tar éis an snámha.

Tar éis cithfholcadh is braon tae do bheith againn, do chuamair ar ais go dtí an cuan. Ansan, do shocraíomair chun dul go dtí “Caife an Chreagáin” le h-aghaidh bídh. Ar ár slí ann, do bhualamair le Banríon Thoraí agus sise ag tabhairt aire d’fhabhcún óg a tháinig i dtír ar Thoraigh tar éis dó imeacht ar strae ó Chontae an Chláir! Éan álainn ar fad a bhí ann. Do bhuaileamair le Patsaí Dan arís sa chaife is do bhí comhrá iontach eadrainn go léir. Agus ár sáth ithte againn, do chuamair ar ais go dtí an bád is do bhuaileamair fairrgí. Ach sara rabhamair i n-ann imtheacht, do chuir buachaillín óg ceist chugam an rabhas chun snámh ar ais go Machaire Rabhartaigh mar dob é an “riail” ‘tá i bhfeidhm ann ná: má thagair ar an mbád, is féidir leat dul abhaile ar an mbád, ach má thagair ag snámh, caithfir snámh abhaile freisin!

Grianghraf – Owen O'Keefe

Deilf ó ché an Mhachaire Rabhartaigh…

Leathuair an chloig i ndiaidh Toraigh d’fhágáil, do bhíomair beagnach abhaile i n-aice le cé Mhachaire Rabhartaigh, ach ní raibh ár n-eachtra críochnaithe go fóill. Go h-obann, do tháinig ceithre nó cúig cinn de dheilfeanna díreach i n-aice an bháid. D’fhanadar linn ag súgradh ar feadh tamaill. Do chuir an méid sin gliondar ‘n-ár gcroíthibh go léir. Dob é sin deireadh leis an lá, lá fada a bhí ann, ach lá breá taitneamhach ag an am céanna. Do lean an floscadh isteach sna laethanta i ndiaidh an snámha; do bhí sé ins na nuachtáin áitiúla i nDún na nGall gur dhein fear óg, Corcaíoch fiú, snámh ón gcósta amach go Toraigh agus do bhí orm-sa is ar Anne Marie agallamh a dhéanamh le h-Áine Ní Churráin ar an gclár “Barrscéalta” ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Grianghraf – Owen O'Keefe

Sléibhte Thír Chonaill agus trá an Mhachaire Rabhartaigh.

Ba mhaith liom buíochas ó chroí do ghabháil le h-Anne Marie Ward as an gcomhairle agus as an gcabhair go léir gur thug sí dom i n-eagrú an snámha so agus sa tsnámh é féin. Buíochas, chomh maith, le Brendan Proctor agus le John Joe Roland ó Chumann Thumadóirí Chuan na Long ón dtacaíocht iontach! Ar deireadh, gabhaim buíochas le muintir agus le Rí Thoraí as an bhfáiltiú iontach gur chuireadar romhainn.

Grianghraf – Owen O'Keefe

Ceann de na deilfeanna a tháinig chun bualadh linn agus sinn ag druidim leis an gcé…

Snámh Timpeall ar Oileán Chléire: An Snámh Féin

Grianghraf – Tom McCarthy

Réidh chun tosnú – maidin cheomhar a bhí inti…

Do bhaineamair Cléire amach píosa beag roimh mheán lae. Do bhaineas mo chuid éadaí uaim is do chuireas mo chulaith snámha, mo chaipín is mo spéaclaí snámha orm. Ní rabhas ró-fhuair ar aon chor agus mé amuigh fén aer, ach do bhí ‘fhios agam nárbh amhlaidh a bheadh an scéal agus mé istigh sa bhfarraige! Do chuireas súil isteach ar an uisce fuair dorcha agus do léimeas isteach ann. Do chuas díreach go dtí an fánán chun tosnú, ach níor thánag amach air (dúirt John liom ná beadh sé sin ró-shláintiúil mar do bhí an fánán thar a bheith sleamhain agus an taoide ‘n-a lag trá). Tar éis mo lámh do chur ar an bhfánán, do bhíos tosnaithe!

Caithfead á admháil gurbh fhuair gur mhothaíos an t-uisce, do bhíos neirbhíseach dá bharr agus níorbh aon chabhair dom é go raibh an t-uisce chomh dorcha san ag an am chéanna. Ach do dheineas iarracht airsean do chur go cúl m’intinne! Agus mé ag snámh timpeall ar an gcéad chúinne an Oileáin, Pointe an Chuais Leathain, do bhí scataí éan (forachain dubha, crosáin agus mar sin de) ag eitilt timpeall orm. Ní raibh an radharc fúm chomh deas san, ámhthach! Do bhí smugairlí rón de gach aon tsaghas ag teacht im’ radharc, cinn nár airíos riamh fúthu san áireamh… Do bhí sé glan dearmhadta agam go dtí seo – do bhíomair ag dul timpeall ar an Oileán ar deiseal.

Grianghraf – Tom McCarthy

Ag snámh siar ó dheas ag Pointe an Chuais Leathain.

Grianghraf – Tom McCarthy

Tonnta ag briseadh that Charraig Liúir, táim-se i n-áit éigin ‘n-a measc!

Dob é an chéad sprioc eile ná Carraig Liúir, carraig mhór atá suite díreach fé imeall an uisce cúpla slat ó bhun na n-aillte. Do bhí na tonnta ag briseadh thar a cionn an lá so agus níor mhian liom-sa snámh idir ise agus an aill ar aon chor, ach dúirt John liom go ndéanfadh sé ciall dá ndéanfainn é. Mar sin, do dheineas é, do bhí sceitimíní orm, gan aon dabht, ach do bhí an tslí abhfad ní ba ghiorra ná mar a bheadh sí ar an dtaobh thall di. Tar éis dom bualadh leis an mbád airís do bhí beathú agam. Dob é a bhí ins an mbeathú ná uisce te, carbohydrates agus proteinHigh5 an t-ainm atá ar mo rogha bheathaithe.

Grianghraf – Tom McCarthy

Ag gabháil trasna an Inbhir, níl aon chomhartha de na deilfeanna nó na róin…

Níorbh fhada go dtí go rabhamair ag Pointe na Boilge agus díreach chun an Inbhir do thrasnáil. Deirtear liom go raibh roinnt deilfeanna agus rónta ag snámh im’ thimpeall ag an bpointe seo ach níor chonac-sa aon cheann acu! Níor thóg sé mórán ama chun an Inbhir do thrasnáil ach an fhad is a bhíomair ag dul chun cinn do bhí na fairrgí ag eirí i n-airde. Agus Ballán na nDeargán, an pointe is faide ó dheas ar an Oileán, bainte amach againn, do bhí an fharraige go trom. Do bhíos i n-ann Carraig Aonair d’fheiscint ó am go chéile. ‘Sea ansan do tháinig an t-amhrán san isteach im’ chionn:

Agus tú ag féachaint ar an gcarraig sin, Carraig Aonair, ní h-éasca gan smaoineamh ar an líon daoine a d’fhág an saol so ins na fairrgí timpeall uirthi. Tar éis tamaillín, do bhíomair ag Ceann Cléire! Do bhí an-áthas orm agus an pointe seo bainte amach agam, mar do bhí ‘fhios agam go raibh ní ba mhó ná leath den tsnámh déanta agam. Do bhí an-chuid cúr ins an uisce ag an bpointe seo chomh maith, ach níor chuir seisean isteach go mór orm mar do bhí taithí maith agam ar chúr agus rudaí eile den tsórd san de ó bheith ag snámh ag Cnoc an Rois i gCionn tSáile.

Grianghraf – Tom McCarthy

Ag snámh tríd an gcúr ag Ceann Cléire.

D’fhágamair Ceann Cléire ‘n-ár ndiaidh is do thosnaíomair ag dul soir ó thuaidh airís. Níorbh fhada go raibh Dún an Óir (Caisleán Chlann Uí Dhrisceoil) tagtha ‘n-ár radharc. Sara ‘bhfad, do bhíomair ag Trá Chiaráin, an áit ‘n-a thagann an bád farantóireachta i dtír ar Chléire. ‘Sea anso do fuaireamair faoiseamh éigin ó na tonnta, ach dob é an fadhb ná go raibh na smugairlí rón ag fáil faoiseamh anso chomh maith agus fuaireas roinnt stoingí maithe uathu! D’eirigh an rud go léir abhfad ní b’éasca i ndiaidh sin mar do bhíomair faoi scáth an Oileáin is do bhí sruth na taoide ag tabhairt cabhair dúinn…

Grianghraf – Tom McCarthy

Ag snámh cúpla céad slat amach ó Dhún an Óir, an ghrian ag silleadh solais is teasa orainn fé dheireadh!

Agus sinn ag teacht timpeall an chúinne dheireanach den tsnámh, do bhí an sruth mar abhainn ag rith trí Shúnta an Ghaisceanáin! Tar éis 3 h-uaire 47 nóiméad 32 soicind do chaitheamh ins an uisce, do thánag i dtír ag an fánán i gComalán airís. Go dtí an pointe seo, níor inis éinne teocht an uisce dom – 11.5ºC – do bhí an t-áthas orm ná raibh sé sin ar eolas agam roimis an snámh! Tar éis dom ‘bheith gléasta airís, do chuaigh roinnt de na fir a bhí ar an mbád ag tumadóireacht ar feadh tamaill is do shnámh Tom isteach i bpluais fairrge ar thóir na craice! Agus an méid sin déanta againn, do chuamair thar n-ais go Dún na Séad agus abhaile linn go léir.

This slideshow requires JavaScript.

Ailt Bainteacha:

Snámh Timpeall ar Oileán Chléire: Réamhrá

I dtosach mhí Iúil anuraidh, do dheineas turas snámha ó Dhún na Séad i n-Iarrthar Chorcaí go dtí an fánán i gComalán ar Oileán Chléire, 8.0 km sa tslí, i dteannta le Ned Denison. Lá breá samhraidh a bhí ann is do bhí turas an-taitneamhach ag an mbeirt againn, cé ná raibh an t-uisce ní ba theo ná 12ºC! Do bhí fairrgí breátha móra linn agus sinn ag gabháil thar bráid Inis Earcáin agus ag trasnáil Shúnta an Ghaisceanáin, ach fós féinig, do bhí an 8.0 km i n-iomlán curtha ‘n-ár ndiaidh againn díreach laistigh de 2 h-uaire a’ chloig. Tar éis an snámha san ‘bheith déanta agam, do theastaigh uaim abhfad níos mó snámha ‘dhéanamh ins an gceantar áirithe sin…

Grianghraf – Owen O'Keefe

Bean Lót, Dún na Séad ag féachaint amach ar Inis Earcáin, Cléire taobh thiar di.

Tar éis iarracht teipthe ar snámh timpeall ar Inis Uí Dhrisceoil le Steven Black agus David Merriman, do cheapas gur shmaoineamh deas dob ea é snámh timpeall ar Oileáin Chairbre go léir! Ag deireadh mhí Lúnasa, do dheineas snámh timpeall ar Inis Earcáin, le Lisa Cummins ar an mbád tacaíochta, agus an lá ‘n-a dhiaidh do dheineas-sa ‘gus Gábor Molnár snámh timpeall ar Inis Uí Dhrisceoil. Níor shnámh éinne timpeall ar an dá oileán san riamh roimis sin! Agus an samhradh ag dul uainn, do shnámhas timpeall ar Inis Píc le Steven Black agus Severin McCullagh chomh maith le cúpla rón… Do bhí trí oileán déanta agam roimh dheireadh an bhliain 2011 is do bhí dhá oileán eile breactha síos agam i gcomhair 2012. Oileán Chléire dob ea an chéad cheann acu.

Grianghraf – Lisa Cummins

Ag snámh timpeall ar Inis Earcáin i mí Lúnasa anuraidh…

Oileán álainn is ea Cléire. Tá sí suite 8 km amach ó Dhún na Séad agus tá sí 5 km ar fhad is 2 km ar leithead. Tá thart ar chéad duine ag maireachtaint go buan uirthi agus ceantar Gaeltachta oifigiúil is ea í, ciallaíonn sé sin gurb í an Ghaelainn príomhtheanga mhuintir an Oileáin. Ag tosnú agus ag críochnú ag an bhfánán i gComalán ar an dtaobh thoir den Oileán, tá 13.2 km sa turas timpeall uirthi. Ní dealraíonn an fad san ró-olc, ach is deacair an dubhshlán a mheas go díreach de réir an fhaid ins an bpíosa fairrge áirithe sin de bharr sruthanna taoide, gaoithe agus mar sin de – braitheann an rud go léir ar an aimsir, mar aon le gach aon rud eile i n-Éirinn!

Grianghraf – Owen O'Keefe

Ar bhord an Amy-K roimis ár bhfágaint na mórthíre chun Chléire.

Ar 4ú Iúil, ámhthach, ‘sea do tháinig feabhas éigin ar chúrsaí aimsire na tíre seo i mbliana is do thug John Kearney, an fear go bhfuil Ionad Tumadóireachta Dhún na Séad aige, seans dom snámh timpeall ar Chléire. Do bhuaileamair ar an gcé i nDún na Séad go luath an mhaidin sin. Do tháining Tom McCarthy ó Shnámhaithibh Bhaile an Chuainín linn mar chriú. Do dhein Tom snámh sealaíochta trasna an Mhuir n-Iocht i mbliana mar pháirt den fhoireann sealaíochta is sine chun an Mhuir n-Iocht do thrasnáil! Chomh maith le John agus Tom do bheith ar an mbád tacaíochta, do bhí roinnt cara le John ó Penzance i gCorn na Breataine air. Do bhí an-chomhrá eadrainn-ne mar tá uncail liom-sa ag cur faoi i gCorn na Breataine, ní fada ó Penzance, is do bhí aithne ag Tom ar go leor daoine ón áit sin ó n-a laethanta sa tSeirbhís Chabhlaigh. Tar éis an chomhrá san do bheith againn, do scaoileamair seol i dtreo Chléire…