Lá breá Bealtaine buailte linn…

“Más maith is mithid!”

Roinnt laetha ó shin, do scríobhas alt beag fé theacht na bhfáinleog na bliana so agus an t-áthas mór a bhaineann leis an dteacht san. Do bhíos ag caint an lá úd fé shéasúr an Earraigh ach, más cuimhin leat, do thosnaigh an t-Earrach gaelach ar lá ‘le Bríde, an chéad lá de Mhí Feabhra! Má thosnaíonn an t-Earrach gaelach go luath, tosnaíonn an Samhradh gaelach go luath chomh maith – indiu ‘sea thosnaíonn sé!

Grianghraf – John O'Connell

Radharc na nGaibhlte ó Charn Tiarna, Mainistir Fhear Maí indé, lá deireanach den Earrach. (Grianghraf: John O’Connell)

Anois, Lá breá Bealtaine buailte linn, an féar a’ fás, an t-uaine ag teacht ar na crainn, an Samhradh fada amach romhainn agus teas na gréine a’ druidim linn, tá spiorad abhfad níos dearbhthaí timpeall na h-áite agus táimíd go léir ag tnúth go mór le spraoi an tSamhraidh! Caithfead dul ar ais chuig an staidéar dian – an ndúirt duine éigin rud faoi scrúduithe? ‘Siad na “scrúduithe” an t-aon rud uathbhásach fén Samhradh…

Ailt Bhainteacha:

Suíomh Idirlín Nua an tSnámh Cuimhneacháin Martin Duggan!

Do scríobhas cúpla seachtain ó shoin fén tSnámh Cuimhneacháin Martin Duggan a bheidh ar siúl in Abhainn Mhóir na Mumhan i Mainistir Fhear Maí Dé h-Aoine, 14 Meitheamh na bliana so. Aréir, do lainseáladh suíomh idirlín nua na h-eachtra so. Tá dhá leagan den tsuíomh ar fáil, ceann as Béarla agus ceann eile as Gaelainn:

Logo – Owen O'Keefe

Beidh iontrálacha oscailte don tsnámh so timpeall Lá Bealtaine agus fanfaid ar oscailt ar feadh míosa nó go dtí go mbeidh sé lán – beidh seasca áiteanna ar fáil i mbliana. Coimeád súil ar an suíomh (nasctha thuas) chun ‘bheith ar an eolas faoi chúrsaí iontrála!

Pictiúr – Wikipedia

‘Sé an Domhnach seo chugainn Lá ‘le Pádriag in Éirinn agus ar fuaid a’ domhain. Tá súil agam go mbeidh deireadh seachtaina na Féile Pádraig den chéad scoth ag mo léitheoirí go léir. Go raibh maith agaibh as bhur léitheoireacht agus bainigí ana-shult as bhur ndeireadh seachtaine!

Snámh Timpeall ar Oileán Chléire: Réamhrá

I dtosach mhí Iúil anuraidh, do dheineas turas snámha ó Dhún na Séad i n-Iarrthar Chorcaí go dtí an fánán i gComalán ar Oileán Chléire, 8.0 km sa tslí, i dteannta le Ned Denison. Lá breá samhraidh a bhí ann is do bhí turas an-taitneamhach ag an mbeirt againn, cé ná raibh an t-uisce ní ba theo ná 12ºC! Do bhí fairrgí breátha móra linn agus sinn ag gabháil thar bráid Inis Earcáin agus ag trasnáil Shúnta an Ghaisceanáin, ach fós féinig, do bhí an 8.0 km i n-iomlán curtha ‘n-ár ndiaidh againn díreach laistigh de 2 h-uaire a’ chloig. Tar éis an snámha san ‘bheith déanta agam, do theastaigh uaim abhfad níos mó snámha ‘dhéanamh ins an gceantar áirithe sin…

Grianghraf – Owen O'Keefe

Bean Lót, Dún na Séad ag féachaint amach ar Inis Earcáin, Cléire taobh thiar di.

Tar éis iarracht teipthe ar snámh timpeall ar Inis Uí Dhrisceoil le Steven Black agus David Merriman, do cheapas gur shmaoineamh deas dob ea é snámh timpeall ar Oileáin Chairbre go léir! Ag deireadh mhí Lúnasa, do dheineas snámh timpeall ar Inis Earcáin, le Lisa Cummins ar an mbád tacaíochta, agus an lá ‘n-a dhiaidh do dheineas-sa ‘gus Gábor Molnár snámh timpeall ar Inis Uí Dhrisceoil. Níor shnámh éinne timpeall ar an dá oileán san riamh roimis sin! Agus an samhradh ag dul uainn, do shnámhas timpeall ar Inis Píc le Steven Black agus Severin McCullagh chomh maith le cúpla rón… Do bhí trí oileán déanta agam roimh dheireadh an bhliain 2011 is do bhí dhá oileán eile breactha síos agam i gcomhair 2012. Oileán Chléire dob ea an chéad cheann acu.

Grianghraf – Lisa Cummins

Ag snámh timpeall ar Inis Earcáin i mí Lúnasa anuraidh…

Oileán álainn is ea Cléire. Tá sí suite 8 km amach ó Dhún na Séad agus tá sí 5 km ar fhad is 2 km ar leithead. Tá thart ar chéad duine ag maireachtaint go buan uirthi agus ceantar Gaeltachta oifigiúil is ea í, ciallaíonn sé sin gurb í an Ghaelainn príomhtheanga mhuintir an Oileáin. Ag tosnú agus ag críochnú ag an bhfánán i gComalán ar an dtaobh thoir den Oileán, tá 13.2 km sa turas timpeall uirthi. Ní dealraíonn an fad san ró-olc, ach is deacair an dubhshlán a mheas go díreach de réir an fhaid ins an bpíosa fairrge áirithe sin de bharr sruthanna taoide, gaoithe agus mar sin de – braitheann an rud go léir ar an aimsir, mar aon le gach aon rud eile i n-Éirinn!

Grianghraf – Owen O'Keefe

Ar bhord an Amy-K roimis ár bhfágaint na mórthíre chun Chléire.

Ar 4ú Iúil, ámhthach, ‘sea do tháinig feabhas éigin ar chúrsaí aimsire na tíre seo i mbliana is do thug John Kearney, an fear go bhfuil Ionad Tumadóireachta Dhún na Séad aige, seans dom snámh timpeall ar Chléire. Do bhuaileamair ar an gcé i nDún na Séad go luath an mhaidin sin. Do tháining Tom McCarthy ó Shnámhaithibh Bhaile an Chuainín linn mar chriú. Do dhein Tom snámh sealaíochta trasna an Mhuir n-Iocht i mbliana mar pháirt den fhoireann sealaíochta is sine chun an Mhuir n-Iocht do thrasnáil! Chomh maith le John agus Tom do bheith ar an mbád tacaíochta, do bhí roinnt cara le John ó Penzance i gCorn na Breataine air. Do bhí an-chomhrá eadrainn-ne mar tá uncail liom-sa ag cur faoi i gCorn na Breataine, ní fada ó Penzance, is do bhí aithne ag Tom ar go leor daoine ón áit sin ó n-a laethanta sa tSeirbhís Chabhlaigh. Tar éis an chomhrá san do bheith againn, do scaoileamair seol i dtreo Chléire…